
Éiteas na Scoile
Is bunscoil lán-Ghaeilge í Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc agus mar sin tá an Ghaeilge:
-
Mar theanga na scoile
-
Mar theanga chumarsáide agus gnó na scoile
-
Mar theanga mhúinte agus foghlama i ngach ábhar seachas Béarla
-
Mar theanga chumarsáide ag na múinteoirí, na daltaí agus gach gné den scoil
Éiteas mar Scoil Chaitliceach
Feidhmeoidh Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc le sainspiorad Caitliceach faoi phátrúnacht Deoise Chill Dara & Leithghlinne le sainmheon Caitliceach. Cothóidh sé seo an bheatha Chríostaí i saol na scoile spreagtha ag creideamh i nDia agus in Íosa Críost agus ag luachanna an tsoiscéil léirithe trí phaidir, cheiliúradh agus na sacraimintí i gcomhair leis na tuismitheoirí, an eaglais agus an pobal.
Ag am teagasc creidimh sa scoil cuirfear i gcrích agus múinfear clár an chreidimh Caitliceach maraon le hullmhúchán na ndaltaí do na sacraimintí mar atá leagtha síos ag Ardeaspag/Easpag na Deoise ag treorú an dalta le Dia a ghráú, a aithint agus a leanúint.
Cuirfear fáilte roimh na Comhairleoirí Deoise agus an chléir áitiúil inár nGaelscoil ?chun tacaíocht, comhairle agus cabhair a thabhairt don Bhord Bainistíochta, don fhoireann scoile agus do na tuismitheoirí in ullmhúchán na ndaltaí do na sacraimintí agus i soláthar an Chláir Chreidimh do na daltaí.
Tá dualgas ar an mBord Bainistíochta spiorad sainiúil na scoile atá ag teacht leis an sainmhíniú thuasluaite de scoil lán-Ghaeilge Caitliceach a chosaint agus a bheith freagrach don phátrún as é a chosaint.
Tá dualgas ar an mBord Bainistíochta spiorad sainiúil na scoile atá ag teacht leis an sainmhíniú thuasluaite de scoil lán-Ghaeilge Caitliceach a chosaint agus a bheith freagrach don phátrún as é a chosaint.

Ráiteas Misin Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc
Is é príomhaidhm na Gaeilscoil Eoghain Uí Thuairisc ná oideachas bunscolaíochta den scoth trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do pháistí an cheanntair. Is ball den eagraíocht Gaelscoileanna í Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc(an bhfuilimid?). Is é An t-Easpag Denis Nulty, Easpag Deoise Chill Dara & Leithghlinne, Patrún na scoile.
Scoil Lán-Ghaeilge Chaitliceach í Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc. Ach cuirtear fáilte roimh páistí, is cuma cén cine nó creidimh atá iontu.
Is í aidhm na scoile ná atmaisféar dearfach a chothú agus is cuspóir againn forbairt iomláine oideachasúil, phearsanta, shóisialta, fhisciúil agus chultúrtha na bpáistí faoin ár gcurám a chothú. Ba cheart go léireoidh gach páiste, tuismitheoir agus múinteoir meas ar a chéile i gconaí sa scoil.
Spreagfar tuismitheoirí le Gaeilge a fhoglaim in éineacht lena gcuid páistí. Cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí bheith páirteach in oideachas iomláin a bpáiste agus i saol na scoile.
Ba mhian linn na páistí a mhealladh chun bia sláintiúil a ithe agus spreagtar na páistí chun lón sláintiúil a thabhairt ar scoil. (n’fheadar an bhfuil gá an píosa seo a chur isteach, is riail/moladh é seachas ár n-éiteas)
Is é aidhm na scoile an cultúr Ghaelach a chothú agus go mbeadh ceol, amhránaíocht, rince agus na cluichí Gaelacha mar chuid lárnach den churaclam agus saol páistí inár scoil. Chun tacú le seo tá sé mar dhualgas orainn mar scoil, teagmháil a dhéanamh le agus gaol a chothú le Gaelscoileanna eile chun aithne agus cairdeas a chur eadrainn.
Bímid de shíor ag lorg go mbeadh comhphobal na scoile, bródúil as an nGaelscoil agus go bhfágfaidh ar bpáistí an Ghaelscoil le meon dearfach agus saibhir i leith an oideachais agus cultúr na hÉireann.
Bímid ag iarraidh gaol láidir a chothú leis an gcomhphobal sa cheantar scoile trí pháirt dearfach a ghlacadh in imeachtaí éagsúla a thugann deis dúinn éiteas na scoile a chur ina luí ar mhuintir ár gcomhphobal m.sh. comórtais peile, iománaíochta, sacair, ealaíne, peannaireachta, lúthchleasaíochta, cispheile, ceoil, amhránaíochta, Tráth na gCeist, sacraimintí srl.
Is é seo Meanma na Gaelscoile, amhrán na scoile a scríobh An M. Cathal Ó Catháin é go speisialta don Ghaelscoil. Léiríonn spiorad agus éiteas na scoile. Bímid i gcónaí ag iarraidh a bheith dílis dóibh.This is Meanma na Gaelscoile, our school song and it was written especially for An Ghaelscoil by An M. Cathal Ó Catháin. It illustrates our school spirit and ethos and we always endeavour to be loyal to the spirit of the song.
